Resource Title

Ionad Dídine? – Acmhainn Oideachas Forbartha Iarbhunscoile: Cearta ar Thalamh & Dídeanaithe

Summary

Mír 3 den turas oideachais trí bliana as gaeilge maidir leis na Spriocanna

Domhanda um Fhorbairt Inbhuanaithe (SFI). Beifear ag breathnú sa chuid seo ar théama Chearta ar Thalamh trí iniúchadh a dhéanamh ar thaithí na ndídeanaithe Siriacha a chónaíonn sa Liobáin.

Resource Details

Description

Foghlaimeoidh na daltaí faoin gcoinbhleacht sa tSiria, agus faoin tionchar a bhí aige ar na teaghlaigh a d’fhulaing an t-easáitiú éigeantach, ionas go ndearnadh dídeanaithe díobh dá bharr. San acmhainn seo, beifear ag díriú ar thaithí dhaoine ar nós Maya agus a muintir, atá ina gcónaí faoi láthair i gcampa na ndídeanaithe i nGleann Beqaa in oirthear na Liobáine.

Tá na Naisc Churaclaim léirithe ar leathanach 4.

Istigh anseo gheobhaidh tú cás-staidéir agus go leor gníomhaiochtaí suimiúla agus bileoga oibre as gaeilge a chabhróidh leat na cúrsaí seo a phlé.